Idirbhliain 24/25 by Senan Ó’Caithniadh

Tús na scoil bliana
Thosaigh mé an idirbhliain an seachtain seo. Tá m’amchlár tar éis athrú go mór i mbliana. Tá múinteoir nua Mata, Béarla, Gaeilge, Tíreolaíocht, Eolaíocht agus Gnó agam.

Gaisce
Tá sé i gceist agam gaisce a dhéanamh. Beidh mé ag déanamh an leibhéal cré-umha. Déanfaidh mé 13 uair a chloig obair sa phobail agus 26 uair a chloig de caitheamh aimsire fisiciúil. Neartóidh mé scil nua pearsanta gur maith liom a fhoghlaim/ fheabhsú. Rachaidh mé ar turas eachtrannach agus siúlfaidh mé 20 ciliméadar agus mé ann.

Turas chun na Ghaeltachta
An seachtain seo chaite, d’fhreastail mé ar Choláiste Chamuis, atá i Ros a Mhíl; i gConamara. D’fhan mé i dteach Caroline. Shroich mé an coláiste ar an gCéadaoin. D’imríomar roinnt spórt nuair a thángamar ar dtús. Ansin bhí cruinniú againn agus d’fhoghlaíomar maidir le agallamh beirte. Chuamar chun na tithe agus d’itheamar ár ndinnéar. Chuamar ar ais chuig an coláiste agus d’éisteamar le bhanna áitiúil. An lá dar gcionn, d’fhreastalaíomar ar Wildlands. Chuamar ar ziplíntí agus bhí spraoi againn ar eangacha móra. Thugamar cuairt ar an stáisiún Fíbín, a dhéanann clár teilifíse do pháistí. Chonaiceamar an caoi a dhéanann na clár seo. D’fhilleamar chun na tithe agus d’itheamar ár ndinnéar dheireanach. Nuair a chuamar ar ais chun na coláiste, rinneamar iarracht earraí a dhíol dár múinteoirí. Ina dhiaidh sin, d’fhoghlaíomar amhráin traidisiúnta agus chanamar iad. Rinneamar céilí bheag agus d’éisteamar le bhanna eile. Maidin Aoine, thiomanamar abhaile ar an mbus, ag fágáil Ros a Mhíl inár ndiaidh.

Leabhar atá á léamh agam faoi láthair
Sa rang Béarla, is gá dúinn leabhar a léamh agus léirmheas a dhéanamh air nuair atá sé léite againn. Bheartaigh mé an leabhair seo le léamh. Go dtí seo, táim ag baint an-sult as. Táim trí-ceathrún tríd. Tá an phlota bunaithe ar víris dhigiteach atá á chur ar an-cuid suirbhéirí timpeall an Meiriceá. Bíonn ar an Uachtarán an fhadhb seo a réiteach agus tarlaíonn eachtraí éagsúla thar an am.

Siúlóid go Ceann Bhré
Ar an Aoine seo chaite, dhreap mé Ceann Bhré leis an scoil. Shiúil mé chun na DART le James DeBuitleir agus bhuaileamar le roinnt daltaí eile ansin. Shroicheamar Bré agus thosaíomar ag dreapadh. Níor ghlac sé ach thart ar leath-uair orainn an barr a bhaint amach. Tar éis an méid sin, chuaigh mé go dtí Dún Laoighre le James, Rory, Traolach, Fionn agus Cullainn.

Chéad Seachtain Gaisce
Thosaigh mé ar Ghaisce an seachtain seo chaite. Táim ag déanamh traenáil peile le bhuachaillí mar m’obair sa phobal. Táim ag déanamh iománaíocht mar mo chaitheamh aimsire fisiciúil. Táim ag déanamh Líníocht mar mo scil nua. Tharraing mé madra an seachtain seo.

Siúlóid Staire
Ar an Máirt, chuaigh mé ar shiúlóid staire leis an bhliain ar fad. Thosaíomar i gcaisleáin Baile Átha Cliath, chuamar go dtí Coláiste na Tríonóide, Stáisiún Garda Sráid Uí Phiarais, Dealbh Séamus Ó Conghaile, Sráid Uí Chonaill agus Ard-Oifig an Phoist. Bhain mé an-sult as.

Rothaíocht Sléibhe
An seachtain seo chaite, chuaigh mé suas Tigh an Cnoic leis an scoil chun triail a bhaint as rothaíocht sléibhe. Bhuaileamar suas ann ar maidin agus thosaíomar láithreach. Ar an gcéad raon, thit mé ar an chéad casadh mar gheall a duilleoga fliuch a rinne mé iarracht a sheachaint, ach bhí mé ceart go leor. Ba é an dara raon an ceann is fearr dar liom. Thaitin sé go mór liom, bhí sé gearr agus rinne mé é cúpla uair. Ba é an ceann deireanach an ceann is deacra. Thit mé uair amháin toisc go raibh mé ag dul chomh tapa. Thug siad cupán seacláid te dúinn ar fad saor in aisce tar éis. B’fhéidir go mbainfidh mé triail as arís lá éigin.

Debbie Ging
Tháinig cainteoir isteach inniu chun plé a dhéanamh ar an bhfireannacht agus an iarmhairt a bhíonn leis na steiréitíopaí ar ár saoil. Labhair sí faoin gcaoi go chuireann suíomhanna meáin shóisialta físeáin os ár gcomhair. Tharraing sé m’aird ar chéard go díreach a bhím ag breathnú ar.

Tionscnamh Tíreolaíochta
Rinne mé tionscnamh tíreolaíochta le déanaí. Bhreathnaíomar ar chlár faisnéise darbh ainm, “An Píopa”.  Is éard atá an clár seo faoi ná an streachailt a bhí ag pobal bheag i Ros Dumhach i Maigh Eo. Throid siad i gcoinne an comhlach ilnáisiúnta Shell agus iad ag déanamh iarracht a dtalamh a ghlacadh i gcomhair píblíne chun gás a soláthar do scaglann ar an mórthír. Ní raibh a fhios agam faoin eachtra seo agus bhí sé suimiúil foghlaim faoin díograis a léiríodh muintir na háite a sprioc a bhaint amach ar chúiseanna éagsúla.

Céad rang Cócaireachta
Thosaíomar ar rang cócaireachta an seachtain seo. Bhí orainn dul i ngrúpaí agus mias a roghnú chun cócaráil. Ba é téama an seachtain seo ná an Iodáil. Rinne mise, Finn, Liam agus Jamie poileanta, iasc, oinniún agus múisiriún dár príomh chúrsa agus Tiramasu dár milseog. Bhí an tiramisu ach go háraithe an-bhlasta.

An Poileanta 💀

Trialacha don Ceoldráma
Rinne mé trialacha don ceoldráma le déanaí. Ní raibh mé ach ag iarradh mion-ról. Táim chun a bheith i dhá radharc, an t-amhrán “Friend Like Me” agus an t-amhrán “Prince Ali”. Beidh mé ar an gcoiste feisteas le Iníon Nic Pháidín chomh maith. Beidh mé gléasta mar Camall i bPrince Ali!

Chéad seachtain obair dheonach
Don chéad seachtain den obair dheonach i mbliana, d’obair mé i dteach altranais i mBaile Uí Ógáin. Den chuid is mó chabhraigh mé leis na maisiúcháin Nollaig a chur suas. Rinne mé iad as páipéar ildaite agus glé. Chuir mé suas sna seomraí bia iad agus timpeall na pasáistí. Chuamar amach leis na seandaoine lá amháin go Dún Laoighre lá amháin agus fuaireamar uachtar reoite. Bhuail mé le Pádraig Harrington uair amháin mar tá a mháthair ina cónaí ann. Ar an mór iomlán, bhí mé an-sona.

Maisiúcháin sa teach altranais

Thug an teach altranais dinnéar Nollaig dom ar mo lá dheireanach!

DSPCA
Don dara seachtain obair dheonach, d’obair mé sa DSPCA, le madraí gan baile buan. Ar mo chéad maidin, b’éigean dom ghlanadh suas i ndiaidh madra a bhí tinn um oíche. Cheap mé go raibh mé chun caitheamh aníos. Buíochas le Dia, bhí mór-phostanna eile agam. Ghlac mé ar ar siúlóidí iad agus ghlan mé ina ndiaidh. Ghlan mé na clósanna ina bhuaileann daoine le madraí. Bhí mé an-sásta ann agus déarfainn go rachaidh mé ann arís. Sa phictiúir, tá mé ag glacadh Molly ar siúlóid.

Caesar
Bhí Caesar beagáinín rabhair ach bhí sé i gcónaí sásta dul ar siúlóid.

Caesar ag fanacht ar siúlóid

Athena
Is ‘XL Bully’ í agus caithfidh sé baile a aimsiú roimh Feabhra nó cuirfear chun bás í faraor. Tá súil agam go n-aimsíonn sí baile go luath.

May
Níor thaitin siúlóidí le May. Bhí sí sásta fanacht taobh istigh chomh fhada is go raibh daoine isteach is amach di chun grá a thabhairt.

Bibi
Is “Pocket Bully” í Bibi. Gearradh a cluasa chun cuma eile a chur uirthi, is mí-úsáid amach is amach í seo mar déanann sé é mí-chompordach do na madraí a bheith amuigh san aer.

Bruno ar siúlóid
Bhí Bruno an-mhaith ar siúlóidí i gcónaí.

Bruno
Éirionn Bruno faoi strus taobh istigh agus bhí orainn é a thógáil amach go rialta chun é seo a sheachaint.

Seymour
Tháinig Seymour isteach le ghiall briste ach tá sé ag éirí níos fearr.

Nova
Tá cos gortaithe aici agus dá bharr caithfidh sí an cón a chaitheamh ionas nach ndéanann sí níos mó damáiste di féin.

6 madraí i leaba
Bhí cead ag na oibrí a madraí a thabhairt isteach chomh maith. Sa seomra bhí 7 madraí (ceann as fráma).

Turas go Pháirc an Chrócaigh
Chuamar go dtí Páirc an Crócaigh inné ar turas ranga. Fuair mé an luas ag ceathrú chun a naoi ar maidin isteach go Sráid Uí Chonall. Shiúil mé ó Sráid Uí Chonall go dtí Páirc an Crócaigh. Ar dtús, bhreathnaíomar timpeall an iarsmalann agus d’fhoghlaíomar faoi stair an CLG. D’inis an treoraí dúinn faoi Domhnach na Foladh agus faoina 14 daoine a bhásaigh. Dúirt sí gur mharaigh an IRA oifigigh ón mBreatain an maidin sin agus sin an fáth gur tharla an t-uafás. Fuair Mícheál Ó hÓgáin, cúl báire Tiobraid Árann bás ar an bpáirc an lá sin, anois, tá Ardán Uí Ógáin ainmnithe chun ómós a thabhairt dó. Labhair sí faoin lá a throid Muhammed Ali ann, thaispeáin sí na brístí ghearra a chaith sé sa troid atá fós sa mhúsaem. Ina dhiaidh sin, dhreapamar suas go dtí barr an díon agus siúileamar timpeall ar an dturas spéirlíne. Bhíomar an-ard sa spéir. Buíochas le Dia níl eagla orm faoi airde. Chonaiceamar Baile Átha Cliath ar fad. Bhíomar in ann na Ceithre Cúirteanna, Binn Éadar agus an tuar i Reilg Ghlas Naíon a fheiceáil chun cúpla áit a roghnú. Radharc álainn a bhí ann.

Turas go Reilg Ghlas Naíon
Ina dhiaidh Páirc an Crócaigh, Shiúileamar 25 nóiméad go dtí Reilg Ghlas Naíon. Bhí treoraí darbh ainm Anna againn agus bhí sí thar a bheith eolach. Bhí cúpla focail Gaeilge aici a chaith sí isteach anseo is ansiúd. Bhreathnaíomar ar uaimh Domhnall Ó Conall, Éamann de Valera, Margaret Skinnedar, Constance Markeveicz agus Mícheál Ó Coileáin. Ba é an ceann is fearr i mo thuairim ná Domhnall Ó Conall. Bhí seomra ollmhór aige faoi tuair dochreidte aird thar a cheann. Tá sé sin aige de bharr gur thosaigh sé an reilg. D’fhoghlaim mé gur thosaigh an reilg mar áit gurb fhéadfadh le aon duine, ó aon reiligiún a bheith curtha. Ba é buachaill aon bhliain déag d’aois an chéad daoine a bheith curtha ann. Fós is reilg nach bhfuil baint díreach aige le aon reiligiún é. Tá sconsa timpeall ar roinnt de na huaimh chun bac a chur ar daoine ag baint na coirp as an talamh chun iad a dhíol, mar a rinneadh tráth dá raibh. Ba é an turas seo buaicphointe an lae, bhain mé an-taitneamh as. Turas thar a bheith suimiúil a bhí ann.

Khan Academy
Ó thús na bliana, sa rang mata, bhíomar ag obair ar Khan Academy. Seo é mo chuid dul chun cinn ag deireadh mí Eanáir. Táim nach mór críochnaithe le cúrsa amháin anois. Uaireanta, is fuath liom é ach cabhróidh sé liom sa chúigiú bhliain.

Stoirm Éowyn
Bhí lá saor ón scoil againn An Aoine seo chaite mar gheall ar stoirm a bhí le bheith ollmhór agus dúireadh go mairfeadh sé ar feadh roinnt seachtaine, ach níor mhair sé ach ar feadh cúpla uair a chloig.

MiniMed
D’fhreastail mé ar chúrsa leigheas sa Choláiste Ríoga na Máinlia le déanaí. Bhí thart ar dhá chéad caoga duine ann agus dhá mhíle duine ag breathnú ar líne. Is éard a rinneamar ná shuíomar i halla léachtóireachta ollmhór agus tháinig aoi-chainteoirí éagsúla isteach chun labhairt linn faoina hearnáil difriúla den domhain leigheas. An rud ab fhearr liom ná nuair a fhéachamar ar máinleachhtaí ar nós ‘C-section’. B’fhiú go mór é agus thaitin an cúrsa liom.

Ceoldráma
Chuireamar críoch lenár gceoldráma an seachtain seo chaite. Athraíodh mo rólanna go mór sna cúpla seachtain roimhe. Cuireadh i ngach amhráin mé ar dtús. Ansin, dúradh liom go mbeinn i mo shaighdiúir. Chomh maith leis sin, tugadh a post dom an cairpéid draíochta a bhrú. D’èirigh go han-mhaith linn. Bhí cúpla botúin ó thaobh ceol, soilse agus línte cúpla huaire ach bhí sé ceart go leor. Bhí mé féin agus Maitiú an-gnóthach ag cur críoch leis na camaill a dhéanamh. D’éirigh linn faoi dheireadh. Rinne Julian agus In. Ní Giolla Rioch eilifint ollmhór i gcomhair an t-amhrán Prince Ali. Bhí sé ar fheabhas. Roghnaíodh mise chun bláthanna a thabhairt do In. Mhic Pháidín. Cheannaigh an scoil bláthanna gan fhios dúinn agus cheannaíomar ár mbláthanna féin agus dearbhán do na múinteoirí ar aon ós. Tar éis an oíche deiridh, chuaigh an bliain ar fad go dtí Stigh Lorgán le haghaidh bia chun ceiliúradh. Ba é an ceoldráma buaicphointe na hidirbhliana i mo thuairim.

John O Shea
Tháinig John O Shea isteach chun labhairt linn i mbliana. Bhunaigh sé catharnacht darbh ainm GOAL. Chaith sé blianta ag obair ar fud an domhain ag cabhrú leis na daoine is boichte. Labhair sé faoina thurais i dtíortha béal forbartha agus é ag iarradh cabhrú leis na daoine bochta, ocrach ann. Bhí an caint an-suimiúil.

Cúrsa Tiomána
Rinneamar cúrsa tiomána an bhliain seo. Ar dtús, bhí beagáinín spraoi againn le spéaclaí meisce. Chabhraigh sé linn tuiscint cé chomh dainséarach is atá sé tiomáint agus tú tar éis a bheith ag ól. Ansin, bhreathnaíomar isteach san inneall den charr. D’fhoghlaíomar conas an ola a sheiceáil, conas roth a athrú agus céard go díreach a dhéanann gach gné den inneall. Tar éis é sin, bhíomar in ann carr a thiomáint timpeall na plásóga. Ar deireadh thiar thall, rinneamar bréag scrúdú teoiric chun fáil amach faoi conas a mbeidh sé.

Tinpod
Cúpla seachtain ó shin, tháinig comhlacht podchraoladh, Tinpod productions isteach chun labhairt linn faoi ghairm i raidió nó podchraolta. Labhair siad faoina bealaí gur féidir leag fáil isteach ar raidió. Ansin, chuamar amach chuig a stúidió bheag taobh amuigh agus rinneamar ár bpodchraoladh agus fógra raidió féin.

Bailiú airgid sa chathair
Roimh an Nollaig, chuamar isteach sa chathair ag bailiú airgid ar son Childline nó an ISPCC. Bhí mé lonnaithe ar shráid Grafton agus bhailíomar roinnt mhaith airgid. Bhíomar ag díol bronntanais bheaga chun cur ar do gheansaí nó seaicéid. Bhí sé an-fhuar agus bhí mé tuirseach tar éis.

Taithí Oibre i Davy
Rinne mé chúrsa taithí oibre i Davy, comhlacht a chabhraíonn le daoine an-chuid saibhreas a bhainistiú. Cabhraíonn siad le daoine aonair agus comhlachtaí ollmhóra. Labhraíomar le roinnt fostaithe ansin agus d’fhoghlaíomar faoin eacnamaíocht. Cuireadh i ngrúpaí muid agus bhí orainn cur i láthair a dhéanamh ar stoc os comhair ár dtúistí agus oibrí sa chomhlacht. D’fhoghlaim mé an-chuid faoin ghnó agus an stocmhargadh.

Turas Gaisce
An seachtain seo, beidh mé ag dreapadh sléibhte Chill Mhantáin mar chuid de Ghaisce. Beimid ag fanacht thar oíche i mbrú óige. Beidh sé deacair ach táim ag tnúth go mór leis.

TEG
An seachtain seo chaite, rinneamar ár scrúduithe TEG. Ar an Luan, thug mé faoi mo scrúdú béil, d’éirigh go maith liom. Ar an Aoine, rinne mé an cluastuiscint agus an scrúdú scríofa. Bhí siad éasca agus bhí mé an-sásta leo.

Baile Phúinse
An seachtain seo chaite, d’fhreastail mé ar ráschúrsa Bhaile Phúinse le mo chlub CLG chun cabhrú airgead a bhailiú ar son na gclub. Dhíol mé ticéidí don chrannchur agus thuilleamar a lán airgid. Bhí mé in ann na rásana a fheiceáil agus bhain mé an-sult as an lá.