Tá Beocht na Cruthaitheachta Anseo by Creative Schools

Tá lúcháir orainn fáilte a chur romhat chuig ár gcéad fheasachán do Sheachtain na Scoileanna Ildánacha do 2022.

Tá na feasacháin (bulletins) seo curtha le chéile chun eolas a roinnt libh agus chun spreagadh a thabhairt agus Seachtain Scoileanna Ildánacha 2022 ag druidim linn.

Is é téama Sheachtain na Scoileanna Ildánacha 2022 ná ‘Tá Beocht na Cruthaitheachta Anseo!’

Le dhá bhliain anuas tá dúshláin curtha roimh ár dtimpeallachtaí teagaisc agus foghlama, agus tá baill foirne agus daltaí i ngach scoil tar éis dul i ngleic leis na dúshláin seo ar bhealaí cruthaitheacha agus nuálacha.  I mbliana spreagann an téama pobail scoile chun sos agus machnamh a dhéanamh ar na háiteanna a bhfuil an chruthaitheacht le feiceáil inár saol, i ngach rang, i ngach scoil agus in eispéiris gach dalta.

Is deis í Seachtain na Scoileanna Ildánacha le díriú ar an gcruthaitheacht seo a cheiliúradh, b’fhéidir ag cur le heispéiris na ndaltaí i bhfoirm imeachtaí nó ceardlainne agus ardán a chur ar fáil le léiriú cé chomh cruthaitheach gur féidir le gach scoil a bheith.

Má tá do scoil mar chuid de Scoileanna Ildánacha cheana féin, beidh do Chomhlach Cruthaitheach ag obair leat freisin chun Seachtain na Scoileanna Ildánacha a thabhairt isteach i do thuras mar Scoil Ildánach.

Beidh cur chuige difriúil ag gach scoil agus tá súil againn go gcuideoidh na feasacháin seo leatsa agus le do scoil an tairbhe is fearr a bhaint as Seachtain na Scoileanna Ildánacha 2022.

Is féidir leat tuilleadh sonraí a fháil freisin faoi conas is féidir le scoileanna páirt a ghlacadh i Seachtain na Scoileanna Ildánacha ar ár suíomh gréasáin. (cinntigh go nuashonraítear an leathanach sula seolfar é)

Má tá aon aiseolas agat faoi na feasacháin, téigh i dteagmháil le creativeschools@artscouncil.ie

Cá maireann an chruthaitheacht i do scoilse? Cá dtarlaíonn smaointeoireacht? Cathain a fhiosraíonn na daltaí ceisteanna ar nós ‘Céard faoi’ agus ‘Cén fáth nach..’?  Conas a chuirtear inspioráid agus samhlaíocht in iúl?

Tá an chruthaitheacht beo beathach, ag forbairt agus faoi bhláth i dtimpeallachtaí scoile. Is deis í Seachtain na Scoileanna Ildánacha chun aird a tharraingt ar na réimsí sin ina bhfuil an chruthaitheacht faoi lán seoil agus deis a thabhairt do dhaltaí a n-éachtaí cruthaitheacha a roinnt le pobal na scoile.

Seo roinnt smaointe b’fhéidir gur mhaith le do scoil triail a bhaint astu agus tú ag tosú ar phleanáil do Sheachtain na Scoileanna Ildánacha.

1.      Cuir fócasghrúpa ar bun do Sheachtain na Scoileanna Ildánacha le daltaí agus baill foirne le fáil amach cén chaoi ar mhaith leis an scoil páirt a ghlacadh sa tseachtain.

2.      Cuir do phobal scoile ar an eolas faoi Sheachtain na Scoileanna Ildánacha trí bhratach nó trí thaispeántais eile a chruthú. Cruthaigh buafhocal, lógó, mana a léiríonn aitheantas do scoile.

Cá háit eile ina maireann an chruthaitheacht?

D’fhéadfá machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn ealaíontóirí, ar an mbealach a ngineann siad smaointe agus ar an mbealach a thagann siad ar inspioráid chun an chruthaitheacht a fhiosrú

Sna samplaí thíos, tá ealaíontóirí ag labhairt faoi faoina bpróiséas smaointeoireachta, a bpróiséas cruthaitheach agus conas a thagann siad ar inspioráid.

Seó nua a dhéanamh ó smaoineamh go stáitse (Ag Díriú ar Bhunscoil)

Tugann Ceol Connected spléachadh ar chúl stáitse ar chruthaitheacht a chur ag obair agus seó nua á chruthú.  Faigh amach cad as a tháinig na smaointe, féach conas a cuireadh an seó le chéile agus éist le cuid de na hamhráin. https://www.youtube.com/watch?v=pzo9dJUYStQ&list=PLLWo1zNvgJVPtNxs1I0b7Olpa9070At-b&index=3

Spring into Stories leis an údar mór le rá Dave Rudden (Ag Díriú ar Iar-bhunscoil)

Dírigh d’aird ar an údar Dave Rudden ag caint faoi leabhair, scannáin agus go leor eile. Is féidir le daltaí a fháil amach conas a gcuid eolais ar cad a thaitníonn? agus nach dtaitníonn leo a fhorbairt agus é seo a úsáid ina gcuid cruthaitheachta féin.

https://childrensbooksireland.ie/resources-ideas/ideas-activities-packs/class-reads-resource-packs-and-instructional-videos

Tá go leor acmhainní ar fáil ar líne a thugann aghaidh ar chruthaitheacht, ealaíona, cultúr agus oideachas. Forbraíodh go leor acu ar mhaithe le múinteoirí agus scoileanna.  Roinnfimid roinnt acmhainní leat i ngach feasachán.

1. Is acmhainn dhigiteach é Dance Tales faoin rince atá deartha chun smaointeoireacht chruthaitheach a spreagadh do mhúinteoirí agus do pháistí araon. Chruthaigh CoisCéim agus Scoil na nEalaíon, Oideachais agus Gluaiseacht, an Institiúid Oideachais, OCBÁC é. Is oidhreacht í Dance Tales de chónaitheacht trí bliana CoisCeim in OCBÁC, a fuair tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Faigh amach faoi conas agus cén fáth ar cruthaíodh Dance Tales agus faigh na pleananna acmhainne agus ceachta anseo. https://artsineducation.ie/en/project/creative-dance-tales/

2. Is é an Fóram Eacnamaíoch Domhanda an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chomhar Poiblí-Príobháideach. Meallann an Fóram ceannairí polaitiúla, gnó, cultúrtha agus ceannairí eile na sochaí chun cláir oibre dhomhanda, réigiúnacha agus thionscail a mhúnlú.

Bhain Scoileanna Ildánacha taitneamh as bualadh le comhordaitheoirí scoile ó chlár 2021 le déanaí agus roinneamar an físeán seo ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda a mholann go bhfuil an chruthaitheacht níos tábhachtaí ná sainuimhir intleachta (IQ). Lean an nasc chun féachaint ar an bhfíseán.

https://www.weforum.org/videos/23081-here-s-why-creativity-matters-more-than-iq

Tá Fiona Harrington, Comhordaitheoir Réigiúnach, Scoileanna Ildánacha ag caint faoin spóirt agus spraoi a bhí ag na daltaí agus na múinteoirí i rith Seachtain na Scoileanna Ildánacha 2021.

In 2021 ghlac Scoil Naíonán Muire na mBuanna páirt i Seachtain na Scoileanna Ildánacha. Bhí sé ag druidim le deireadh thuras ‘oifigiúil’ na Scoileanna Ildánacha, cé nach raibh mórán amhrais ann go leanfadh an scoil ar aghaidh dul chun cinn ina gcuid iarrachtaí agus taiscéalaíocht chruthaitheach. Mar gheall ar Covid, is iomaí rud a tharla, cealú agus athmheasúnú ar an bplean cruthaitheach agus ar na gníomhaíochtaí, mar sin ní gá a rá go raibh an-spraoi ann nuair a bhí an scoil in ann fáilte a chur roimh chuairteoirí ar an láthair arís. Bhí an-suim ag na páistí i ngach rud tadhlach agus bhain siad an-taitneamh as an eispéireas céadfach a bhain le hábhair éagsúla a úsáid. Bhí suim ag na múinteoirí freisin smaointe agus scileanna nua a fháil i réimse na fabraice agus an tsnáithín, ó churaclam amharc-ealaíon na bunscoile. Agus é seo san áireamh, tugadh cuireadh don ealaíontóir teicstíle Ciara Harrison teacht isteach sa scoil chun am a chaitheamh ag obair leis na daltaí agus na múinteoirí ar raon de thionscadail fabraice agus snáithíní a bhí an-spraíúil ar fad. Ar an gcéad dul síos, chruthaigh na páistí a gcuid créatúr féin ag baint úsáid as go leor fabraicí, feiltí agus snáitheanna éagsúla. Rinne siad iarracht fuáil fiú! Obair chrua ba ea é ach bhí an t-ádh leo mar go raibh go leor Cúntóirí Riachtanais Speisialta agus múinteoirí ann chun cabhrú leo. Thosaigh siad ag smaoineamh ar an domhan nádúrtha ansin agus ar an gcaoi a fhásann feileacán ó bholb. B’iontach an inspioráid é seo don chéad sheisiún eile    Ag baint úsáid as feadánra (tubing), snáitheanna agus ceangal is dathú, chruthaigh siad sraith iomlán de bhoilb ildaite, a d'fhás sciatháin níos déanaí agus a d’iompaigh ina bhféileacáin. Agus an tseachtain ag druidim chun deiridh, chinn an t-ealaíontóir agus na daltaí go raibh ceiliúradh ag teastáil. Rinneadh go snasta é seo trí Chóisir Mad Hatters a bhí acu. Le haghaidh na seisiún seo, threoraigh Ciara gach duine chun a hataí agus a gcuid cultacha féin a chruthú ag baint úsáid as ábhair athchúrsáilte agus teicnící fuála. Bhain gach duine taitneamh as seachtain a bhí lán de spraoi, samhlaíocht agus cruthaitheacht.